Dé Domhnaigh, Nollaig 25, 2011

Sean-nós Reachrann ar Oíche na Seanbliana

Go dtí na caogaidí, bhí sé de nós ag muintir Reachrann dul thart ar na tithe ar fad san oileán ag bailiú plúr agus rudaí eile ó gach duine – agus é bailithe acu, thabharfadh siad ansin é do na daoine bochta san oileán.

Agus iad ag dul thart, bhíodh fear amháin acu gléasta i gcraiceann caorach agus bheadh sé ag dul don amhrán seo i nGaeilge.
Tá an t-ádh orainn go bhfuil neart taifeadáin ar fáil den “Cóllainn”.


Seo an leagan scríofa ar bhailigh An tUrramach Cosslett Ó Cuinn i Reachraidh siar i 1932 agus i 1940. Ní ionann é agus an leagan thuas ar chór ar bith.

Cóllainn, Cóllainn, faoi na bhóitean, buail an croiceann.
Éirigh suas, a bhean an taighe : tabhair damhsa bannach giomach guamach,
Lorg [sléacht] an ím’ ar an mhás.
Mionan éirigh thú is sin a thabhairt damhsa,
Thig an fheannag liath as chúl Chroc Léithid is scríobhaidh thar an taigh thú.
Go beannaigh Dia an taigh atá ’nn idir chual chloch is ceann,
Iomad bídh is bratag éadaigh, sláinte dhaeine go rabh ann,
Bior nan gaile, cailleach sa chúl, cailleach eile thuas nan teine,
Bean an taighe a’ dol ar mire,
Is fear an taighe ga bualag le slatag.

Seo mar a rinne An tUrramach Ó Cuinn cur síos ar an nós seo ...
“Cóllainn, nó oíche Nodlag beag, ba ghnáthach le scaifte de na daoine dul thart le mála, ag cruinniú le haghaidh na gcailleach, na mbaintreabhach aonraic, agus na ndaoine bochta. Bheadh croiceann caorach ar dhuine amháin acu, agus ghearraidís giota de’n chroiceann le na thabhairt mar “receipt” ar cibé rud a gheibhidís. Chuirfeadh muintear an toigh an giota seo i dtaisce, mar ndúil ’s go gcuirfeadh sé an t-ádh orthu. Seo mar innis Annie Black fá dtaobh de, in a focla féin :
Thilg iad iad aibhleog [e:lvag] amach ar an urlár agus raith iad timpeall thart ar an aibhleog, agus dubhairt iad : “Éirigh suas bean an taighe, 7rl.” Ghearr iad píosa den chraiceann agus chuir iad é sa chrógan (‘crock’). Dubhairt iad go béadh sin agus gus an aithbhlianan. Béadh iad a’ cruinneachadh, timcheall nan dtaighdeann, mín no airgead na rud a’ rí a gheobhadh iad.”

Ref :
Ó Cuinn (Cosslett): Iarsmaí ó oileán Reachrann.
In Éigse 6, 1948/52, (pt. 3, 1951), pp. 248–56.
Stories and verse, and words and phrases from Rathlin Island (Co. Antrim).

No comments:

Post a Comment